Téarmaí agus Coinníollacha

Réamhrá  

Go raibh maith agat as cuairt a thabhairt ar ardán comhairliúcháin ar Comhairle Chontae na Mí agus caidreamh a bhunú linn. Is é Aphelion Ltd., atá i mbun trádála mar CiviQ, a sholáthraíonn an t-ardán seo agus na seirbhísí tacaíochta a ghabhann leis. Is áis é an t-ardán chun do thuairimí a roinnt linn. Baineann na téarmaí seo leis an mbealach ba cheart an t-ardán seo a úsáid sa chaoi go mbeidh sé ina thimpeallacht shábháilte dhearfach do chách.  
 

Nuair a chláraíonn tú leis an Ardán, cuireann tú in iúl gur léigh tú na Téarmaí Úsáide seo, go dtuigeann tú iad agus go gcomhaontaíonn tú a bheith faoi cheangal acu. Mura gcomhaontaíonn tú ní ceadmhach duit an tArdán a úsáid agus ba cheart duit do chuntas a dhúnadh (féach thíos).  

 

Maidir leis an ardán  

Is ardán í an tairseach comhairliúcháin (dá ngairtear “an tArdán" anseo feasta) chun doiciméid comhairliúcháin ar líne a chruthú agus páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin sin ach úsáid chuí a bhaint as téacs, naisc, próifílí, comhaid fuaime, grianghraif, físeáin agus meáin eile (dá ngairtear “Ábhar" anseo feasta) chun aighneachtaí a thabhairt, tráchtanna a dhéanamh, aighneachtaí daoine eile a roinnt agus tacaíocht a léiriú dóibh nuair is cuí sin.  

 

Príobháideachas  

do phríobháideachas an-tábhachtach dúinne. Léigh le do thoil an Polasaí Príobháideachta chun a fheiceáil conas a bhailíonn, a úsáideann agus a chosnaíonn Aphelion Teo (t/a CiviQ) d’fhaisnéis phearsanta mar phróiseálaithe sonraí thar ceann an Chomhlachta Comhairliúcháin. Molaimid duit é seo a léamh sula n-úsáideann sula gcláróidh leis an Ardán 

 

Athruithe ar na Téarmaí Úsáide Seo  

Féadfaimid cur leis na Téarmaí Úsáide seo nó codanna díobh a athrú, a mhionathrú nó a scriosadh. Taispeánfar ar an suíomh seo cén dáta deireanach a nuashonraíodh na Téarmaí agus molaimid go gcuirfidh tú thú féin ar an eolas fúthu. Má úsáideann tú an t-ardán, tugann sin le tuiscint go nglacann tú leis na Téarmaí Úsáide.  

 

An úsáid a bhaineann tú as an Ardán  

Ionadaíocht do chuideachta nó d'eintiteas eile  

Má úsáideann tú an tArdán mar ionadaí do chuideachta nó d'eintiteas eile (lena n-áirítear ach nach dteorainnítear chuig eagraíochtaí carthanais nó saorálaithe, aontais mhac léinn, ceardchumainn, institiúidí léinn, comhlachais tráchtála agus ranna rialtais) tugann tú le fios go bhfuil tú údaraithe chun glacadh leis na Téarmaí Úsáide seo ar son na cuideachta nó an eintitis sin, agus comhaontaíonn tú go dtagraíonn na forainmneacha “tú” agus “tusa” agus an aidiacht shealbhach “do” do do chuideachta nó d'eintiteas eile.  

 

Cad a aontaíonn tú leis agus tú ag glacadh páirte ar an Ardán  

Is é d'fhreagracht é cloí le gach dlí is infheidhme a bhféadfadh feidhm a bheith aici maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an Ardán agus leis an ábhar a chuireann tú in airde air, á choinneáil i gcuimhne gur áis dhomhanda é an tIdirlíon.  

Ní bheidh Aphelion faoi aon dliteanas mar gheall ar aon Ábhar a chuireann úsáideoirí in airde ar an Ardán ná freagrach as a bhfuil i dtráchtanna úsáideora; ní thacaíonn siad lena bhfuil sna tráchtanna sin ná ní bhárántaíonn siad iad ó thaobh cruinnis, fírinne, dlíthiúlachta nó iontaofachta de.  

 

Páirt a ghlacadh go freagrach  

Sa chaoi go mbeidh an tArdán ina spás sábháilte don phobal agus go mbainfear úsáid as go cóir, comhaontaíonn tú GAN an tArdán a úsáid chun:  

  • Ábhar mídhleathach nó drochídeach a chur in airde  

  • Dímheas a léiriú do dhaoine eile  

  • Drochíde a thabhairt do dhaoine eile nó iad a chlúmhilleadh, a chiapadh, a stácáil, a bhagairt nó a gcearta (amhail cearta príobháideachais agus poiblíochta) a shárú ar aon bhealach eile  

  • Tuairimíocht a dhéanamh faoi aitheantas úsáideora anaithnid úsáideora a bhfuil ainm bréige leis an t-aitheantas sin a scaoileadh  

  • Faisnéis phearsanta a iarraidh ar aon duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois  

  • Díobháil d'aon sórt a dhéanamh do dhaoine faoi aois  

  • Pasfhocail faisnéis aitheantais phearsanta a iarraidh ar aon duine  

  • Iarracht a dhéanamh rochtain neamhúdaraithe a fháil ar chomhéadan ar chodanna riaracháin an Ardáin, ar chuntais úsáideora, ar chórais ríomhaire ar líonraí atá ceangailte leis an Ardán, bíodh sin trí mhianadóireacht pasfhocal aon bhealach eile  

  • Ábhar foréigneach gáirsiúil a chur in airde ábhar ina bhfuil nasc le suíomh gréasáin do dhaoine fásta amháin 

  • Ábhar a chur in airde a chuireann ar aghaidh a mhisníonn aon ghníomhaíocht mhídhleathach  

  • Ábhar a chur in airde a sháraíonn aon phaitinn, trádmharc, rún ceirde, cóipcheart, cearta príobháideachais poiblíochta, aon cheart dílseánaigh maoine intleachtúla de chuid aon pháirtí  

  • Ábhar a chur in airde ina bhfuil víris ríomhaireachta feidhmchláir mhailíseacha  

Do chuntas agus na sonraí ann  

Iarrfar ort pasfhocal a chruthú mar chuid den phróiseas cláraithe 

Beidh freagrach as an bpasfhocal a choimeád slán agus as aon ghníomhaíocht a dhéantar faoi d'ainm úsáideora. Molaimid go láidir nach n-úsáidfidh pasfhocal atá in úsáid agat cheana féin áit éigin eile. Comhaontaíonn gan do chuntas a roinnt le haon duine 

Comhaontaíonn go gcuirfidh ar an eolas muid láithreach cheapann gur baineadh úsáid neamhúdaraithe as do chuntas do phasfhocal. Féadfaidh do phasfhocal agus do phróifíl a athrú ach na treoracha ar an suíomh a leanúint 

bheidh Aphelion faoi dhliteanas mar gheall ar aon chaillteanas a d'fhéadfá a thabhú de bharr duine éigin eile bheith ag úsáid do phasfhocal do chuntas, ag fáil teacht orthu, bíodh sin i ngan fhios duit a mhalairt 

 

Ábhar a chur leis an Ardán  

Is tusa atá freagrach go hiomlán as d'iompraíocht ar an Ardán agus as aon Ábhar a chuireann isteach ann, in airde ann agus/ ar taispeáint ann. Aontaíonn gan ábhar atá in aghaidh an bheartais modhnóireachta a chur leis an Ardán 

 

Ábhar Clúmhillteach  

Oibríonn an tArdán ar bhonn "tabhair fógra and bain anuas". Má chreideann go bhfuil ráiteas clúmhillteach curtha in airde ar an Ardán, cuir sin in iúl láithreach don chomhlacht oifigiúil don roinn atá freagrach as an gcomhairliúchán lena mbaineann an t-ábhar 
 

Cearta Aphelion  

Slánaíocht agus tarscaoileadh  

Aontaíonn Aphelion, agus conraitheoirí, fostaithe agus soláthraithe teicneolaíochta gaolmhara a shlánú, a chosaint agus a choinneáil saor ó dhochar ó agus in éadan aon éilimh, caillteanais, damáiste, costas, dliteanais tríú páirtí, lena n-áirítear costais réasúnta dlí, arna ndéanamh arna dtionscnamh ag aon tríú páirtí de thoradh ag eascairt as:  

1.    An úsáid a bhain as an Ardán as aon chuid de,  

2.    Sárú ar do thaobhsa ar na Téarmaí Úsáide seo, ar ár Ráiteas Príobháideachais nó ar ár mBeartas Modhnóireachta,  

3.    An sárú nó an mídhílsiú a rinne tú féin, nó tríú páirtí ag úsáid do ríomhaire, ar aon chuntas nó aon phasfhocal chun an tArdán a rochtain agus/nó a úsáid,  

4.    Sárú ar aon chearta maoine intleachtúla atá ag aon duine nó eintiteas.  
 

Dlí rialaithe  

Beidh an comhaontú seo faoi rialú ag dlí na hÉireann. 

 


Aphelion Limited T/A  CiviQ.EU
E: info@civiq.eu

Registered No. 518067